An Súgán – An t-Ainm
Cad fé ndeara An Súgán a thabhairt mar ainm ar an iarsmalann? Téad a deintear trí thráithníní tuí a fhí ina chéile is ea Súgán. Dá mhéad brobh atá ann is ea is treise é.
Le linn Athbheochain na Gaeilge sna 1900idí luatha a bunaíodh chéad choláiste ollúna na hÉireann do mhúinteoirí, Coláiste na Mumhan, i mBéal Átha’n Ghaorthaidh.
Is mó duine a bhain cáil amach i nGluaiseacht na Saoirse agus sa SaorStát a chaith tréimhsí sa dúthaigh agus ag an gcoláiste. Rugadar leo go leor tuairimí timpeall ar an dteanga, ar an náisiúnchas, ar an nGaelachas, agus ar thraidisiúin na gCeilteach ach ba mhó fós a thugadar as. [Anso i mBéal Átha an Ghaorthaidh a dheineadar teangmháil leis an ndúchas athuair agus tharla dá bharra gur tháinig a gcuid smaointe chun coinlíochta]
Is é is cuspóir leis an Súgán scéal na ndaoine seo a insint, scéal a léiríonn mar a chuaigh an cultúr, meon na haimsire – casta agus contráilte ar uairibh – agus an stair ina chéile in athbheochan na teangan d’fhonn dlús a chur sa ghluaiseacht a mbeadh Cogadh na Saoirse mar thoradh uirthi.
Taispeánann an físéan conas a dhéantar súgán
An Súgán – The Name
Why call the museum An Súgán? The Irish word ‘súgán’ means a twisted straw rope – stronger for all the strands which go into making it.
During the Gaelic Revival in the early 1900s, Ireland’s first Irish language teaching college, Coláiste Múinteoireachta na Mumhan, opened in Béal Átha’n Gaorthaidh.
Many of the figures who became famous in the independence movement and later the new Free State spent time in the village and at the college. They brought with them many ideas on language and nationhood, Irishness and Celtic traditions.
An Súgán aims to tell the stories of these people, and how the strands of culture, opinion and history, at times complex and opposing, were interwoven through the language movement, helping to build the momentum which led to the War of Independence.
This video shows the process of súgán making.